Is í Páirc an Fhionnuisce an pháirc phoiblí iata is mó in aon cheann de phríomhchathracha na hEorpa.
Bunaíodh ar dtús í mar fhialann Ríoga sna 1660idí agus d’oscail sí don phobal in 1747. Tá tréad mór fianna buí fós sa Pháirc sa lá inniu. Ní hamháin sin ach tá Gairdíní na nAinmhithe, Áras an Uachtaráin agus gairdíní bláthanna Victeoiriacha le fáil inti. Tá Páirc an Fhionnuisce taobh istigh de mhíle go leith ó Shráid Uí Chonaill. Tá an deis ann páirt a ghlacadh san iomaí cineál caitheamh aimsire, idir ghníomhach agus éighníomhach, spaisteoireacht, rith, póló, cruicéad, iománaíocht, agus an t-uafás eile nach iad. Is álainn go deimhin na radharcanna thart ar Linn an Ghleanna i nGleann an Aitinn. Tá go leor bealaí siúlóide agus rothaíochta ar fáil don phobal. Tá Páirc an Fhionnuisce oscailte 24 uair an chloig an lae, 7 lá na seachtaine, ó cheann ceann na bliana. Tá príomhgheataí na Páirce ag Sráid Gheata na Páirce agus Geata Chaisleán Cnucha oscailte 24 uair. Tá taobhgheataí na Páirce oscailte ó thart ar 7am go dtí thart ar 10.45pm.