Plean um Bainistiú Caomhnaithe

Scrollaigh le Foghlaim faoinár bhFís agus ár gCuspóirí Straitéiseacha don Pháirc

Comhcheanglaíonn an fhís fhadtéarmach do Pháirc an Fhionnuisce a cosaint, caomhnú agus athchóiriú, mar is cuí, mar thírdhreach stairiúil tábhachtach agus uathúil le héascú rochtana cuí agus úsáide trí athrú a chur san áireamh ar bhealach pleanáilte réasúnach.

Éilíonn comhlíonadh na físe seo méadú i bhfeasacht agus i dtuiscint eochaircháilíochtaí na Páirce, go háirithe a carachtar stairiúil tírdhreach, mar aon le soláthar acmhainní dóthanacha. I bhfianaise thábhacht idirnáisiúnta Pháirc an Fhionnuisce, ba chóir go mbeadh sé mar chuspóir an fhís seo a fhíoradh ar chaighdeán atá inchurtha leis an gcuid is fearr ar domhan. Beidh an Pháirc ina háis chaitheamh aimsire den chéad scoth agus ina tearmann síochána gar d’fhuadar lár na cathrach do mhuintir Bhaile Átha Cliath agus do chuairteoirí go dtí an chathair. Beidh sí ina háis oideachais agus taighde chomh maith. Mar sin, leanfaidh daoine orthu ag teacht go dtí an Pháirc ar thóir oidhreachta, cultúir agus an dúlra. Caomhnófar tábhacht na Páirce don fhiadhúlra, ina n-airítear flóra, fána agus bithéagsúlacht, mar aon le suntasacht na hoidhreachta tógtha.

Á chur sin san áireamh, is í Fís iomlán Phlean um Bainistiú Caomhnaithe Pháirc an Fhionnuisce ná:

“Carachtar stairiúil tírdhreach Pháirc an Fhionnuisce agus a hoidhreacht seandálaíochta, ailtireachta agus nádúrtha a chosaint agus a chaomhnú agus ag an am céanna rochtain cuairteoirí, oideachas agus léirmhíniú a éascú, úsáid inbhuanaithe acmhainní na Páirce d’áineas agus do ghníomhaíochtaí oiriúnacha eile a éascú, taighde a spreagadh agus síocháin agus suaimhneas na Páirce a choimeád.”

Cuspóirí Straitéiseacha

Is iad seo a leanas na Cuspóirí Straitéiseacha a threoraíonn caomhnú agus bainistiú Pháirc an Fhionnuisce don 21ú haois. Forbraíonn na sainchuspóirí agus na gníomhaíochtaí a léirítear sa Phlean um Bainistiú Caomhnaithe na cuspóirí seo agus sonraíonn siad a gcur i gcrích, ach go háirithe le linn na tréimhse cúig go deich mbliana seo romhainn.

  • Carachtar stairiúil tírdhreach Pháirc an Fhionnuisce a chosaint agus a chaomhnú.
  • An suíomh stairiúil a chosaint agus oidhreacht seandálaíochta agus ailtireachta Pháirc an Fhionnuisce a chaomhnú.
  • Speicis nádúrtha plandaí agus ainmhithe Pháirc an Fhionnuisce mar aon lena ngnáthóga a chaomhnú agus an bhithéagsúlacht á feabhsú ag an am céanna.
  • Síocháin agus suaimhneas Pháirc an Fhionnuisce a choinneáil slán.
  • Stádas ainmnithe náisiúnta agus idirnáisiúnta a lorg agus forfheidhmiú na rialuithe reachtúla atá ann a iarraidh.
  • Meascán cuí d’úsáid áineasa agus tuiscint phoiblí a éascú ar chaoi a uasmhéadaíonn taitneamh na gcuairteoirí agus a chosnaíonn tírdhreach agus bonneagar Pháirc an Fhionnuisce.
  • Na leibhéil tráchta laistigh de Pháirc an Fhionnuisce a bhainistiú agus tréthrácht a laghdú.
  • Rochtain phoiblí agus úsáid inbhuanaithe acmhainní Pháirc an Fhionnuisce a éascú.
  • Meas a léiriú ar phatrúin bhunaithe úsáid áineasa i bPáirc an Fhionnuisce.
  • Tuiscint ar agus glacadh breise le tábhacht tírdhreach, ailtireacht, cultúr, seandálaíocht agus bithéagsúlacht Pháirc an Fhionnuisce, a méid agus a suntas a chur chun cinn.
  • Úsaid Pháirc an Fhionnuisce mar acmhainn oideachais agus taighde a éascú agus léirmhíniú cuí a chur chun cinn.
  • Dul i dteagmháil agus i gcomhairle le páirtithe agus le heagraíochtaí leasmhara agus ábhartha i mbaint amach na gcuspóirí thuas.
  • Na hacmhainní a bhfuil gá leo a aimsiú le beartais agus gníomhaíochtaí an Phlean um Bainistiú Caomhnaithe seo a chur i gcrích.

Íoslódáil

Plean um Bainistiú Caomhnaithe Pháirc an Fhionnuisce

Íoslódáil

Aguisíní do Phlean um Bainistiú Caomhnaithe Pháirc an Fhionnuisce

Íoslódáil

Plean um Bainistiú Caomhnaithe Pháirc an Fhionnuisce: Achoimre Fheidhmeach (Béarla)

Íoslódáil

Plean um Bainistiú Caomhnaithe Pháirc an Fhionnuisce: Achoimre Fheidhmeach (Gaeilge)