Cad Atá le Déanamh

Áit Fhoirfe le Bheith Gníomhach do Gach Aoisghrúpa í Páirc an Fhionnuisce!

Rothair ar Cíos

Tá Phoenix Park Bikes lonnaithe díreach taobh istigh den phríomhgheata ar Shráid Gheata na Páirce. Tá rogha leathan rothar ar fáil le freastal ar gach aois agus de bhrí go bhfuil ceithre chiliméadar déag de chosáin rothar a théann ar fud na Páirce (ar cuireadh leo le déanaí), is slí sábháilte agus taitneamhach í seo le blaiseadh den Pháirc a fháil. Tá an tseirbhís rothar ar cíos ag teacht le cuid de na céimeanna atá molta i Staidéar Iompair Pháirc an Fhionnuisce, a choimisiúnaigh Oifig na nOibreacha Poiblí.

Glaoigh 087 379 9946 le haghaidh eolas sa bhreis, nó bí i dteagmháil linn ar FacebookTwitter, nó féach ar an suíomh idirlín.

Turais Segway

Slí eisceachtúil le haithne a chur ar an bPáirc ná ar thuras treoraithe ar Segway. Beidh oiliúnóir Segway le taithí na mblianta le do thaobh agus tú ag teacht isteach ar an Segway, an cumas atá ann, agus cé mar a phléann sé le tír-raonta éagsúla ar fud na Páirce. CP Adventure a chuireann turais Segway ar fáil i bPáirc an Fhionnuisce.

Scrúdaigh an suíomh idirlín le haghaidh eolas sa bhreis agus sonraí teagmhála.

Comhairle an Dochtúra: Oideas Páirce

Tá ‘oidis pháirce’ á eisiúint ag roinnt dochtúirí chun tabhairt ar a gcuid othar aclaíocht a dhéanamh amuigh faoin aer. Is iomaí buntáiste a bhaineann le bheith amuigh agus gníomhach i spásanna glasa; laghdú i dteannas agus i strus, laghdú sa bhrú fola, feabhas i bhfreagairt an chórais imdhíonachta, agus maolú ar chomharthaí sóirt ADHD i leanaí, ina measc. Cabhraíonn aclaíocht rialta i bpáirc le folláine maidir le murtall, galair ainsealacha agus sláinte mheabhrach freisin. Mar a théann do chuid aclaíochta i bhfeabhas is féidir leat tabhairt faoi dhul níos faide de réir a chéile, nó bealaí a chríochnú laistigh d’achar níos gaire ama.

Tabhair cuairt ar Ionad Cuairteoirí Pháirc an Fhionnuisce agus faigh léarscáil bhealaigh chun cabhrú leat do shláinte a fheabhsú i dtimpeallacht álainn Pháirc an Fhionnuisce.

Walking under the trees in Phoenix Park, Dublin, on an autumn day. Ireland's Content Pool.

Treodóireacht

Spórt iomaíoch idirnáisiúnta atá sa treodóireacht inar gá idir rith a dhéanamh agus do bhealach a aimsiú go cruinn. Rás amaithe atá ann ina mbaineann na hiomaitheoirí úsáid as léarscáil shaindeartha mhionsonraithe chun bealaí a roghnú agus a leanúint thar thír-raonta éagsúla chun pointí rialúcháin a shroicheadh in ord réamhshocraithe. Tá fiche a haon cumann Treodóireachta in Éirinn le thart ar 1,100 ball ó aois a naoi go haois a nócha.

Tá cúrsa buan treodóireachta i bPáirc an Fhionnuisce ina bhfuil trí bhealach ar leith. I gcomharsanacht Dhiméin Bhaile an Ásaigh atá sé lonnaithe agus is féidir léarscáil an chúrsa a bhailiú ó Ionad Cuairteoirí Pháirc an Fhionnuisce. Tá an leathanach freagraí don chúrsa seo ar taispeáint i gcónaí in Ionad na gCuairteoirí.

Bí réidh don aimsir agus don droch-thalamh a d’fhéadfadh a bheith romhat. Moltar go gcaithfí buataisí láidre ar thalamh chorrach.

Clóis Súgartha

Osclaíodh an clós súgartha atá oscailte do chách ag tús na bliana 2008 agus tá an-rath air ó shin i measc ár gcuairteoirí óga. Siar ón nGarraí Imfhálaithe Victeoiriach ag Ionad Cuairteoirí Pháirc an Fhionnuisce atá sé lonnaithe. Tá dearadh samhlaíoch an chlóis seo geal agus tarraingteach agus tá an t-uafás aonad spraoi ann, cinn do leanaí atá faoi mhíchumas san áireamh. Bhí Sláinte agus Sábháilteacht go mór chun cinn i ndearadh an chlóis, ar ndóigh, agus maidir le cúrsaí timpeallachta, tá úsáid shuntasach bainte as ábhar athchúrsáilte i gcomhdhéanamh na n-aonad spraoi agus dhromchla na talún freisin. Is fiú lua ar leith a thabhairt don aonad spraoi ilghníomhaíochta EVOS, os rud é gurb é an chéad cheann dá leithéid sa tír. Tá an clós súgartha oiriúnach do leanaí ó 4 bliana go 12 bhliain. Ní mór duine fásta a bheith le gach leanbh agus ní mór do dhaoine fásta atá ar an láthair a bheith i gcuideachta linbh chomh maith.

Uaireanta oscailte don chlós súgartha atá oscailte do chách ag Ionad Cuairteoirí Pháirc an Fhionnuisce: 9.30am go dtí uair an chloig roimh luí na gréine ó cheann ceann na bliana, má tá cúrsaí aimsire oiriúnach.

Tá clós súgartha eile atá oscailte do chách lonnaithe i nGairdíní an Phobail i ngiorracht do Gheata an Chuarbhóthair Thuaidh. Uaireanta oscailte: 9.30am go dtí uair an chloig roimh luí na gréine ó cheann ceann na bliana, má tá cúrsaí aimsire oiriúnach.

Friends enjoying the Phoenix Park on segway. CP Adventure.