Cad atá le Feiceáil

Buaicphointí Pháirc an Fhionnuisce

Tá Páirc an Fhionnuisce ar oscailt gach lá den bhliain.

Tá Dámhachtain an Bhrait Ghlais ag an bPáirc faoi láthair agus níl táille ar bith chun teacht isteach agus na buaicphointí go léir a fheiceáil. Iarraimid ort na comharthaí aire don phobal a léamh, go háirithe mar a bhaineann sé le madraí agus na fianna fiáine sa Pháirc. Scrollaigh go dtí deireadh an leathanaigh seo do léarscáil a thaispeánann cá bhfuil na buaicphointí seo go léir.

Dún na hArmlainne

Is ar láthair Dhún na hArmlainne in oirdheisceart na Páirce a thóg Sir Edward Fisher Lóiste an Fhionnuisce in 1611. Leagadh an teach sin in 1734 nuair a d’ordaigh Diúc Dorset go gcuirfí armlann phúdair ar fáil do Bhaile Átha Cliath. Cuireadh sciathán breise leis an ndún in 1801 chun cóiríocht a chur ar fáil do shaighdiúirí.

 

An Féinics

An ceathrú hIarla Chesterfield a thóg an leacht ar a dtugtar an Féinics in 1747. As cloch Portland a snoíodh an colún sa stíl Chorantach agus tá éan Féinics ag éirí ón luaithreach ag a mhullach. Tá sé suite i gceartlár na Páirce agus is lárphointe é do thimpeallán mór ar Ascaill álainn Chesterfield na gcrann.

 

Seomra Adhlactha Réamhstairiúil

Siar ó Ospidéal Mhuire, ar Chnoc Mháire, tá seomra adhlactha réamhstairiúil atá os cionn 5,500 bliain d’aois. Osclaíodh an tuaim a bhí á chlúdach in 1838 agus fuarthas cnámharlaigh, earraí potaireachta agus iarsmaí eile, atá san Ard-Mhúsaem anois, ar an láthair. Rinneadh tuama cosúil leis a fuarthas i bpoll gairbhéil i Séipéal Iosóid a atógáil i nGairdíní na nAinmhithe.

 

Leacht Wellington

Robert Smirke a dhear Leacht Wellington mar chomhartha ómóis d’Arthur Wellesley, Diúc Wellington, a deirtear a saolaíodh i mBaile Átha Cliath. Críochnaíodh in 1861 é agus is é an oibilisc is airde san Eoraip ag breis agus dhá mhéadar is trí scór ar airde. Tá ceithre phlaic chré-umhaí air a teilgeadh ó chanóin a gabhadh ag cath Waterloo; léirithe dá mhóréachtaí atá i dtrí cinn acu agus tá inscríbhinn ar an gceathrú ceann ag bonn na hoibilisce. Léigh tuilleadh faoi Fhardal Náisiúnta na hOidhreachta Ailtireachta.

 

Cros an Phápa

Cros shimplí mhór bhán atá i gCros an Phápa a ardaíodh ar imeall na gCúig Acra Dhéag nuair a tháinig an Pápa Eoin Pól II ar cuairt ar an 29 Meán Fómhair 1979. Ar an lá seo, sular thaisteal sé go Droichead Átha, Co. Lú, thug an Pápa Eoin Pól II searmóin amuigh faoin aer os comhair slua de 1.25 milliún duine. An comhlacht Éireannach Scott Tallon Walker Architects a dhear Cros an Phápa agus b’iad John Sisk & Sons a thóg í. Seasann sí 116 troigh ar airde agus í déanta as cearchaillí cruach. Rinneadh roinnt iarrachtaí an chros a ardú sular éirigh ar deireadh leo ar an 14 Meán Fómhair, lá féile Ardaithe na Croise, mar a tharlaíonn sé. Nuair a bhásaigh an Pápa Eoin Pól II sa Róimh ar an 2 Aibreán 2005, ag aois a 84, tionóladh seirbhís chuimhneacháin go luath ina dhiaidh ar an láthair seo. Ar an 8 Aibreán 2005, is anseo a bhailigh na mílte duine a tháinig le chéile in ómós dó, ag leagan bláthanna agus comharthaí eile mar chuimhneachán air.

 

Gairdíní an Phobail

Limistéar fiche a dó acra san iomlán atá i nGairdíní Bláthanna Victeoiriacha an Phobail, a leagadh amach thart ar 1840 agus a osclaíodh in 1864. Tá samplaí den chuid is fearr den ghairneoireacht Victeoiriach cruthaithe anseo. Tá lochán mór ornáideach, clós súgartha, láthair phicnicí agus ceapacha Victeoiriacha i measc na nithe spéisiúla le feiceáil anseo.

 

Caisleán agus Diméin Bhaile an Ásaigh

Tiocfaidh tú ar Dhiméin Bhaile an Ásaigh ó thimpeallán an Fhéinics ar Ascaill Chesterfield. Tá go leor ann d’óg agus d’aosta araon, na nithe a leanas ina measc; Caisleán Bhaile an Ásaigh, an Garraí Cistine Imfhálaithe Victeoiriach, Ionad Cuairteoirí Pháirc an Fhionnuisce, Caifé an Fhéinics, leithrisí, páirceáil do chairr agus do chóistí, siúlóidí coillearnaí, láithreacha picnice agus clós súgartha atá oscailte do chách.

Túrtheach meánaoiseach is ea Caisleán Bhaile an Ásaigh. Go dtí an bhliain 1978 bhí an caisleán seo faoi cheilt taobh istigh de bhallaí an tí mhóir Sheoirsigh a tógadh timpeall air (Lóiste Bhaile an Ásaigh) inar chónaigh Fo-Rúnaí na hÉireann. Nuair a leagadh an teach Seoirseach ag deireadh na 70idí, thángthas ar an gcaisleán taobh istigh. Tá sé athchóirithe ó shin agus oscailte anois don phobal. Ceaptar gur sa chúigiú haois déag a tógadh é.

 

An Garraí Cistine Imfhálaithe Victeoiriach

Gairdín dhá acra go leith i bhfearann Chaisleán Bhaile an Ásaigh (taobh le hIonad Cuairteoirí Pháirc an Fhionnuisce) atá sa Gharraí Cistine Imfhálaithe Victeoirach. Táthar ag iarraidh é a athchóiriú faoi mar a bhí sé ar dtús sa ré Victeoiriach i láthair na huaire. Tá spreagadh agus oiliúint don phobal sa Gharraí Imfhálaithe, maidir leis na scileanna gairneoireachta a bhaineann le dearadh agus leagan amach Garraí Cistine Victeoiriach, chomh maith leis na bealaí is fearr le torthaí, glasraí agus bláthanna a fhás. Bíonn taispeántais spleodracha anseo sa samhradh, an Phis Chumhra, Criosantamaim, Lúipíní, agus an Campanula (an Scornlus) ina measc, mar aon le raon leathan de thorthaí agus de ghlasraí.

 

Seomra Adhlactha Réamhstairiúil

Seomra adhlactha réamhstairiúil atá os cionn 5,500 bliain d’aois.

Leacht Wellington

Críochnaíodh in 1861 é agus is é an oibilisc is airde san Eoraip.

Cros an Phápa

Ardaíodh an chros seo ar imeall na gCúig Acra Dhéag nuair a tháinig an Pápa Eoin Pól II ar cuairt ar an 29 Meán Fómhair 1979.

Dún na hArmlainne

In 1734, d’ordaigh Diúc Dorset go gcuirfí armlann phúdair ar fáil do Bhaile Átha Cliath.

An Féinics

Bunaithe ar cholún sa stíl Chorantach le héan Féinics ag éirí ón luaithreach ag a mhullach.

Gairdíní an Phobail

Limistéar fiche a dó acra a leagadh amach thart ar 1840 agus a osclaíodh in 1864.

Ionad Cuairteoirí Pháirc an Fhionnuisce agus Caisleán Bhaile an Ásaigh

Ionad fáilte, láthair taispeántais agus caifé, taobh le túrtheach meánaoiseach.

An Garraí Cistine Imfhálaithe Victeoiriach

Gairdín dhá acra go leith i bhfearann Chaisleán Bhaile an Ásaigh.