Tá tábhacht ar leith le Páirc an Fhionnuisce ó thaobh na seandálaíochta de mar gur fágadh an tírdhreach ina thalamh féaraigh leis na blianta fada anois.
Toisc gur coinníodh stráicí móra den pháirc mar thalamh féaraigh, tá seans ann go bhfuil séadchomharthaí nár thángthas go fóill orthu faoi dhromchla an fhóid. D’fhéadfadh séadchomharthaí nach bhfuil aon taifead orthu go dtí seo a bheith i gceist leis sin, nó d’fhéadfadh iarsmaí de shéadchomharthaí aitheanta a bheith ann. Tá neart séadchomharthaí sa Pháirc atá tábhachtach ó thaobh na seandálaíochta de. Tá dumhaí adhlactha, imfháluithe, áiteanna cónaithe, toibreacha, túrtheach, daingnithe ar chruth réaltaí, dún armlainne, agus go leor leor eile nach iad le fáil ann. De ghnáth, is annamh a thiocfadh dumha adhlactha mar atá ag Ospidéal Mhuire slán in áit atá chomh cóngarach sin do cheartlár cathair nua-aimseartha.
Is é Suirbhéireacht Seandálaíochta na hÉireann atá mar chuid de Sheirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta atá freagrach as liosta de na séadchomharthaí seandálaíochta a choinneáil agus a uasdátú. Tá an liosta sin le fáil ar líne anseo. Tá cur síos ar na séadchomharthaí sa Pháirc le fáil i gCartlann Láithreacha agus Séadchomharthaí de chuid Sheirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta.
An Aimsir Réamhstairiúil
Sula ndearnadh imfhálú uirthi mar pháirc fianna, bhí tionchar an duine le sonrú go láidir ar Pháirc an Fhionnuisce. Bhíodh cónaí ar dhaoine ann, bhíodh daoine ag obair ann, thaistealaíodh daoine tríd, d’fhaigheadh daoine bás ann agus chuirtí ann iad. Ón tréimhse neoiliteach ar aghaidh, sin tuairim is 5,500 bliain ó shin, is féidir rian an duine a fheiceáil ar an stráice ard cúng talún ar dheisceart na páirce idir Cnoc Mhaolruain agus Droichead na hInse. Seans gur an talamh ard le smacht ar an Life thíos faoi a mheall na daoine chuig an gcuid sin de Pháirc an Fhionnuisce, é sin agus an radharc trasna ghleann na habhann ar shléibhte Bhaile Átha Cliath.
Tá fianaise sa pháirc go raibh daoine ann sa tréimhse Neoiliteach agus sa Chré-umhaois. An dumha reilige ar a dtugtar “Knockmary” nó “Cnoc-Maraidhe” a thugann é sin le fios. Ceaptar gurb é atá i gceist le “Cnoc-Maraidhe” ná “cnoc na mairnéalach”. Bhí an dumha seo le fáil i mbaile fearainn Shéipéal Iosóid, thiar ó Ospidéal Mhuire. Bhí sé 40m ar leithead agus suas le 3m ar airde. Nuair a rinneadh tochailt ar an dumha aimsíodh ciste láir ina raibh cúig ghallán agus leac mhór leagtha anuas orthu. Is é an ciste an t-aon chuid den dumha atá ar marthain fós sa lá atá inniu ann. Thángthas ar ar a laghad trí adhlacadh ar leith ann, iad uile gan chréamadh. Fir a bhí iontu go léir, duine amháin acu nach raibh na hiarsmaí iomlána ann. I measc na n-ábhar a aimsíodh in éineacht leo bhí muince shliogán, scorán cnáimhe agus lann bhreochloiche. Tá fianaise ann gur cuireadh daoine ann níos déanaí chomh maith. I measc na fianaise sin tá ceithre phota bheaga atá mar a bheadh vásaí tuamúla. Sna potaí sin tá luaithreach daoine créamtha. Rinneadh an créamadh sin sa Chré-umhaois Luath nó thart ar 4,000 bliain ó shin.
Tá séadchomhartha eile arbh fhéidir go mbeadh baint aige leis an aimsir réamhstairiúil atá breactha ar gach léarscáil de chuid na Suirbhéireachta Ordanáis. Suíomh cúpla céad méadar soir ó dheas ó Lóiste Bhaile an Ásaigh a thugtar dó. Dumha san fhéarach atá marcáilte ar na léarscáileanna agus RMP No. DU018-00703 leagtha leis mar uimhir thagartha.
An Tréimhse Luath-Mheánaoiseach go dtí Tréimhse na Lochlannach
In aer-ghrianghraif a ghlac Leo Swan (nach maireann) i gceantar na gCúig Acra Dhéag is féidir créfoirt chiorclacha agus líneacha a fheiceáil. Tá seans ann gur rian iad sin de lonnaíochtaí nó feirmeacha ón tréimse luath-mheánaoiseach ar a dtugtar ráthanna. Leis na blianta ó 500 go dtí 1100 AD a bhaineann na lonnaíochtaí sin de ghnáth. Féidearthacht eile, áfach, ná gur fágadh na créfoirt sin sa tírdhreach mar thoradh ar dhianchleachtadh míleata sa Pháirc i gcaitheamh na mblianta.
Tá fianaise mhaith ann do thréimhse na Lochlannach sa chuid seo den Pháirc. Nuair a rinneadh tochailtí gairbhéil ar bhruacha na Life i gCill Mhaighneann agus i nDroichead na hInse sna 1840idí agus sna 1850idí agus arís sna 1930idí, aimsíodh 40 uaigh. Is í sin an reilig Lochlannach is mó dar aimsíodh riamh taobh amuigh de Chríoch Lochlann. Dealraíonn sé go bhfuil ceann amháin de na huaigheanna sin, ceann atá scoite amach beagán ón reilig féin, laistigh de Pháirc an Fhionnuisce. San uaigh sin aimsíodh corp mná in éineacht le dhá dhealg Lochlannacha ubhchruthacha déanta as cré-umha. Bhí ceann amháin de na dealga sin ceangailte d’fheiste chré-umha óraithe. Leis an 9ú nó an 10ú haois a bhaineann na dealga. Maidir leis an maisiúchán ar an bhfeiste, creidtear gur leis an gcéad leath den 8ú haois a bhaineann sé sin. Aimsíodh an láthair uaighe cóngarach do Leacht Wellington in 1876 ach ní dhearnadh taifead ceart den chomhthéacs seandálaíochta inar aimsíodh í.
An Tréimhse Mheánaoiseach go dtí an Tréimhse Iar-mheánaoiseach
Sa bhliain 1177, thug Hugh Tyrell, Barún Chaisleán Cnucha, talamh i gCill Mhaighneann do Phrióireacht Naomh Eoin Iarúsailéim (na Spidiléirí). San áireamh leis an talamh sin bhí cuid de Pháirc an Fhionnuisce mar atá sí inniu chomh maith le talamh ó dheas den Life chomh fada leis an áit a bhfuil Príosún Chill Mhaighneann anois.
In aimsir Dhíscaoileadh na Mainistreacha in 1542 ghabh Rí Anraí VIII seilbh ar thalamh agus ospidéal na prióireachta. Ar an taobh theas den abhainn, tá an chuma ar an scéal gur úsáideadh an phrióireacht mar theach ionadaí an rí de réir mar a tháinig rithe agus banríonacha éagsúla i gcoróin.
Is é Caisleán Bhaile an Ásaigh an foirgneamh is sine sa Pháirc. Túrtheach nó dúnáras atá ann. D’fhéadfadh gur tógadh é chomh fada siar leis na 1430idí luatha mar go dtagann sé le toisí a bhí leagtha amach le haghaidh deontais do thógáil caisleán ag an am. Tá an túr trí stór ar airde agus ba as aolchloch agus spallaí a rinneadh é. Tá túirín cearnógach ar an taobh thoir-theas agus balla binne ar a bhfuil simléar ar an taobh thoir. Tá na hoscailtí do na fuinneoga simplí agus cothrom ar a mbarr. Tá áit do dhoras le feiceáil ar an taobh thuaidh den fhoirgneamh cé go bhfuil sé sin blocáilte anois. Aimsíodh adhmad sa díon a bhaineann leis na 1600idí luatha ach tá seans ann go mbaineann an t-adhmad sin le tréimhse atógála seachas le buntógáil an fhoirgnimh. Timpeall 1760 tugadh an caisleán isteach mar chuid de theach Seoirseach i bhfad níos mó (Lóiste Bhaile an Ásaigh). Leagadh é sin ó shin.
In 1609 bronnadh an caisleán i gCill Mhaighneann agus an talamh mórthimpeall air ar Sir Richard Sutton. Faoin mbliain 1611 bhí an talamh curtha in ainm Sir Edward Fisher aige. An talamh ar fad ó thuaidh den Life idir Baile na Lochlannach agus Séipéal Iosóid, ba le Fisher é. San áireamh leis sin bhí 330 acra de dhiméin Chaisleán Chill Mhaighneann agus 60 acra eile ar a dtugtaí Coill Chill Mhaighneann. Thóg Fisher teach tuaithe ag Cnoc San Tomás. Meastar gur Cnoc Iosóid a bhíodh air sin tráth den saol. “Phoenix” a thug sé ar an teach. In 1618 thug Fisher a chuid talún suas don Rí. Cheannaigh an Choróin tuilleadh talún i Séipéal Iosóid, Gráinseach Ghormáin, Caisleán Cnucha agus i mBaile an Ásaigh. Is iad na tailte sin croílár na páirce anois. Úsáideadh an “Phoenix” mar theach d’ionadaí an rí suas go dtí 1665. Leagadh an teach in 1734 chun slí a dhéanamh do Dhún na hArmlainne.
Tá seans go bhfuil seaniarsmaí de dhaingean réaltchruthach fós curtha faoin bhfód agus go dtiocfaidh seandálaithe orthu amach anseo. Tógadh an daingean i dtús an 18ú haois ag Geata Bhaile Átha Cliath ar an taobh theas den Pháirc. I mí Mheán Fómhair 1834 rinneadh obair athchóirithe sa Pháirc faoi stiúir Decimus Burton. Mar chuid den obair sin leagadh agus líonadh isteach an daingean réaltchruthach, agus tógadh draenacha faoi thalamh a cuireadh in áit na ndraenacha oscailte. Tá cuid den daingean sin le feiceáil ar léarscáil de chuid na Suirbhéireachta Ordanáis ó 1837 agus é marcáilte “seandaingean réalta”. Tá páirceanna imeartha ar an láthair sin sa lá atá inniu ann.
Ón Tiarna Falkland i dtús an 17ú haois a tháinig an smaoineamh go ndéanfaí páirc fianna den Pháirc. In 1623 nuair a bhí Páirc Ríoga á beartú rinneadh tagairt do dhuine a bhí fostaithe ag an rí agus do “Pháirc An Rí a bheadh cóngarach do Bhaile Átha Cliath agus a d’úsáidfí le haghaidh géim agus pórú fianna”.