Ina measc sin tá Decimus Burton, Thomas Cooley, Bartholomew Cramillion, John Henry Foley (a bhfuil a dhealbha de Gough agus Carlisle fós ar marthain, ach in áiteanna eile), James Gandon, Francis Johnston, Edwin Lutyens (mar a bhaineann sé leis an tionchar atá ag Gairdín Cuimhneacháin an Chogaidh i nDroichead na hInse ar na radhairc ón bPáirc), Raymond McGrath, Ninian Niven, Andrew O’Connor, Edward Lovett Pearce (a luaitear a ainm le Beairic Mhuinseo uaireanta), Scott Tallon Walker, Robert Smirke, Richard Turner agus John Wood Mór.
Taobh istigh den aon pháirc amháin is raon dochreidte daoine é sin. I gcomhthéacs níos teoranta na tíre seo tá ainmneacha tábhachtacha eile le cur leis an liosta chomh maith, leithéidí William D. Butler, John Ensor, Thomas Farrell, Harold Leask, Jacob Owen, J. Howard Pentland, Michael Stapleton, Robert Woodgate agus tuilleadh nach iad.
Cuid mhaith de na saothair a leagtar leis na hailtirí agus na healaíontóirí sin is le séadchomharthaí traidisiúnta a bhaineann siad (foscadán McGrath i nGairdín an Phobail agus Abraham Lincoln O’Connor, mar shampla). Cuid eile den obair shuntasach, an balla teorann san áireamh, is obair níos anaithnide atá inti. Is tréith shuntasach de thírdhreach na hÉireann iad ballaí diméine. Bíodh sin mar atá, níl balla ar bith eile sa tír a bhfuil staidéar agus doiciméadú chomh cuimsitheach sin déanta air agus atá ar an mballa i bPáirc an Fhionnuisce. Gnéithe eile sa Pháirc – na ráillí, geataí, cuaillí solais, fógraí nua-aimseartha agus cosáin, mar shampla – tá luach stairiúil éagsúil ag baint leo ar fad; agus riachtanais chothabhála dhifriúla acu ar fad dá réir. Cuireann siad go léir le luach ealaíne agus ailtireachta na páirce trí chéile mar sin féin.
Tiocfar ar thuiscint cheart ar thábhacht ailtireachta agus ealaíne na Páirce de réir mar a leantar ar aghaidh leis an taighde stairiúil ar fhorbairt na páirce ó cruthaíodh í sa 17ú haois.
I leabhar a foilsíodh le déanaí dar teideal Dublin, the City within the Grand and Royal Canals and the Circular Road with the Phoenix Park, rinneadh cur síos ar thimpeallacht thógtha na Páirce. Nuair a chuirtear an cur síos sin in éineacht le Landscape History and Management of the Phoenix Park from 1800-1880, faightear cuntas údarásach ar phríomhfhoirgnimh, séadchomharthaí agus gnéithe tírdhreacha na Páirce. Ní hé aidhm na bhfoilseachán sin liosta uileghabhálach de dhéantáin na Páirce a sholáthar, áfach. Is gá staidéar staire a dhéanamh ar mhórán gnéithe eile – ráillí, mullaird, geataí agus cuaillí solais mar shampla – agus iad a thaifeadadh agus a liostáil i gceart ina cheann agus ina cheann.