Treoracha

Teacht Orainn agus do Bhealach a Dhéanamh Thart

Teacht ar Pháirc an Fhionnuisce

Tá sé an-éasca do bhealach a dhéanamh go Páirc an Fhionnuisce. Tá Ionad na gCuairteoirí thart ar sé chiliméadar ó lár chathair Bhaile Átha Cliath, agus díreach deich nóiméad ón M50 (bealach amach 6), nó fiche nóiméad ó Aerfort Bhaile Átha Cliath.

Ar Bhus

Tá rogha leathan busanna ag Bus Átha Cliath chuig agus as na bóithre atá ar imeall Pháirc an Fhionnuisce. Scrúdaigh suíomh idirlín Bhus Átha Cliath d’eolas suas chun dáta, le do thoil; tá na bealaí le feiceáil ina n-iomláine ansin de réir a n-uimhreacha. Tá stadanna bus lonnaithe ag na háiteanna a leanas lasmuigh de bhallaí na Páirce:

Chun teacht amach in aice le Sráid Gheata na Páirce (An Príomhgheata Isteach), Geata Casta Dhroichead na hInse agus Geata Shéipéal Iosóid, úsáid busbhealaí uimhir 25 agus 26.
Chun teacht amach in aice le Geata an Chuarbhóthair Thuaidh, úsáid busbhealach uimhir 46A.
Chun teacht amach ar Bhóthar Chaisleán Cnucha agus dul isteach sa Pháirc trí Gheata Chaisleán Cnucha, úsáid busbhealach uimhir 37.
Chun teacht amach ar Bhóthar na hUaimhe agus dul isteach sa Pháirc trí Gheata Bhaile an Ásaigh, úsáid busbhealaí uimhir 37, 38, 39, agus 70.

Ar Thraein nó Tram

Tá Stáisiún Heuston taobh istigh de shiúlóid ghearr ó bhealach isteach Shráid Gheata na Páirce (An Príomhgheata), agus is iomaí traein réigiúnda agus chomaitéireachta a stopann ann. Téann traenacha comaitéireachta go rialta idir Stáisiún Uí Chonghaile agus Stáisiúin Traenach Bhaile an Ásaigh agus Pháirc an Fhionnuisce, iad araon an-ghar don Pháirc. Scrúdaigh suíomh idirlín Iarnród Éireann d’eolas suas chun dáta.

Úsáid an Líne Dhearg chun taisteal chuig Páirc an Fhionnuisce ar thram. Is féidir teacht amach ag stad an Mhúsaeim nó stad Stáisiún Heuston. Scrúdaigh suíomh idirlín an Luas d’eolas suas chun dáta.

Rothair ar Cíos

Phoenix Park Bikes lonnaithe díreach taobh istigh den phríomhgheata ar Shráid Gheata na Páirce. Tá rogha leathan rothar ar fáil le freastal ar gach aois agus de bhrí go bhfuil ceithre chiliméadar déag de chosáin rothar a théann ar fud na Páirce (ar cuireadh leo le déanaí), is slí sábháilte agus taitneamhach í seo le blaiseadh den Pháirc a fháil. Tá an tseirbhís rothar ar cíos ag teacht le cuid de na céimeanna atá molta i Staidéar Iompair Pháirc an Fhionnuisce, a choimisiúnaigh Oifig na nOibreacha Poiblí.

Glaoigh 087 379 9946 le haghaidh eolas sa bhreis, nó bí i dteagmháil linn ar FacebookTwitter, nó féach ar an suíomh idirlín.

Páirceáil do Ghluaisteáin

Tá carrchlóis do chuairteoirí sa Pháirc agus iad le fáil ag Cros an Phápa, Siúlán na dTiarnaí, agus Ionad Cuairteoirí Pháirc an Fhionnuisce. Iarraimid ar chuairteoirí na carrchlóis seo a úsáid agus gan páirceáil ar chosáin, ar lánaí rothar, ar línte buí dúbailte ná cóngarach d’acomhail.

Osclaíonn na carrchlóis ag 10am. Dúnann an carrchlós ar Shiúlán na dTiarnaí (in aice Zú Bhaile Átha Cliath) ag 8pm.

Tá méadú le sonrú ar an bpáirceáil atá dainséarach agus ciotach le tamall anuas, agus cuireann comaitéirí ag páirceáil ar fud na Páirce leis an bhfadhb seo. Tá Oifig na nOibreacha Poiblí freagrach as bainistiú na Páirce agus tá roinnt roghanna os a gcomhair chun an fhadhb seo a réiteach, feithiclí a chlampáil nó a tharraingt ina measc. Tá sé beartaithe go mbainfear úsáid as painéil ‘ghreamaitheacha’ ar dtús, a chuirfear ar na taobhfhuinneoga cúil de chairr atá páirceáilte ar línte buí dúbailte, boscaí acomhail, oileáin tráchta, cosáin, nó féar.

Ba chóir do dhaoine a bheith aireach má tá maoin phearsanta á fhágáil ina gcairr i bPáirc an Fhionnuisce acu, óir tá gadaíocht déanta ar ócáidí le déanaí. Tá na Gardaí agus na Maoir Pháirce ar patról gníomhach ar fud na Páirce agus moltar don phobal gan earraí luachmhara a fhágáil i gcairr, búiteanna san áireamh. Cuir in iúl do na Gardaí agus/nó na Maoir Pháirce má thugann tú aon ní amhrasach faoi deara, le do thoil. Is féidir glaoch ar na Gardaí sa Chabrach ag 01 666 7400 nó dul i dteagmháil lenár Maoir Pháirce ag 087-2289688/98. Is mór againn d’aire agus do chabhair.

Inrochtaineacht

Táimid tiomanta do rochtain chomh hiomlán agus is féidir a chur ar fáil i bPáirc an Fhionnuisce. Bí i dteagmháil linn, le do thoil, más féidir linn cabhrú leat ar aon bhealach. Tá súil againn go mbeidh an t-eolas thíos úsáideach agus do chuairt á pleanáil agat.

Tá spásanna páirceála inrochtana sainithe sa Pháirc, mar aon le rampaí cathaoir rothaí. Ní féidir rochtain leibhéalta a chinntiú i gcónaí, de bharr nádúr na láithreach, agus tá fánaí rite go leor in áiteanna, go háirithe in aice le Leacht Wellington.

Cuireann Ionad na gCuairteoirí spásanna páirceála sainithe ar fáil, mar aon le rochtain do chathaoireacha rothaí, leithrisí do chách, ardaitheoir, agus áiseanna ag an láthair fáilte chun bugaithe agus pramanna a stóráil más gá.

Ag Áras an Uachtaráin tá spásanna páirceála sainithe ar fáil, mar aon le rochtain do chathaoireacha rothaí, leithrisí do chách, ardaitheoir, agus tá áiseanna lúb ionduchtúcháin i roinnt seomraí freisin. Is féidir bugaithe agus pramanna a stóráil, ach ní i gcónaí ag an láthair fáilte.

Léarscáileanna

B’fhéidir go mbeadh roinnt de na léarscáileanna seo mar áis duit agus do chuairt ar an bPáirc á phleanáil agat. Tá siad le híoslódáil ag na naisc thíos.

Phoenix Park Visitor Centre