An Dúlra agus an Bhithéagsúlacht

Is Láthair An-Tábhachtach an Pháirc don Bhithéagsúlacht i mBaile Átha Cliath

Láthair fhíorthábhachtach don bhithéagsúlacht i gcathair Bhaile Átha Cliath is ea Páirc an Fhionnuisce agus is acmhainn an-luachmhar í do mhuintir Bhaile Átha Cliath agus do chuairteoirí. Tá 50% de na speicis mhamacha agus os cionn 40% de na speicis éan atá le fáil in Éirinn ag cur fúthu sa Pháirc.

Ar an 351 speiceas plandaí éagsúla atá le fáil sa Pháirc tá trí cinn acu tearc agus faoi chosaint. Tá mórchuid an fhéaraigh agus na coillearnaí caomhnaithe mar a bhí sa Pháirc, agus tá samplaí neamhghnácha de bhogaigh le fáil inti chomh maith. Chomh maith leis sin tá Zú Bhaile Átha Cliath i bPáirc an Fhionnuisce, agus faigheann os cionn 900,000 duine blas ar ghnéithe den bhithéagsúlacht ansin gach bliain.

Tá baint ar leith ag ainmhí amháin, an fia buí, le bunú Pháirc an Fhionnuisce agus, beagnach 350 bliain níos déanaí, tá tréad an-líonmhar díobh fós ar marthain sa Pháirc.

Tá Liosta Speiceas Pháirc an Fhionnuisce le fáil ach brú ar an nasc seo. Ba mhaith linn ár mbuíochas a chur in iúl dóibh siúd ar fad a ghlac páirt in Bioblitz 2012.

Is féidir sainmhíniú a dhéanamh ar bhithéagsúlacht mar an éagsúlacht i measc ainmhithe beo, ó fheithidí bídeacha go dtí na crainn arda, ó gach foinse, an talamh, an fharraige agus éiceachórais uisceacha eile i measc iad sin atá san áireamh, agus na coimpléisc éiceolaíochta lena mbaineann siad; tá éagsúlacht taobh istigh de speicis, idir speicis agus idir éiceachórais san áireamh leis seo.

Nuair atáthar ag déanamh measúnú ar bhithéagsúlacht leagtar béim ar leith ar speicis dhúchasacha agus ar ghnáthóga nádúrtha (i.e. speicis agus gnáthóga ar féidir iad a thaispeáint a bheith in Éirinn nó i bPáirc an Fhionnuisce ar feadh tréimhse fhada). De réir an chur chuige seo, is beag luach atá le plandaí agus ainmhithe a tháinig níos déanaí.

Tá beartais bhainistithe atá ceaptha in oiriúint don bhithéagsúlacht ar bun i gcónaí i bPáirc an Fhionnuisce. Ar na beartais seo tá bainistiú féir in oiriúint don fhiadhúlra, ligean le crainn bás a fháil go nádúrtha taobh istigh de limistéir chaomhnaithe, agus an úsáid is lú is féidir de cheimiceáin agus de leasacháin. Tiocfaidh beartais sa bhreis orthu sin isteach de réir a chéile, ag teacht leis na moltaí atá le fáil i bPlean um Bainistiú Caomhnaithe Pháirc an Fhionnuisce agus an cleachtas is fearr.

Flóra

Tá 45% de chathair Bhaile Átha Cliath clúdaithe ag foirgnimh agus ag bóithre. I bPáirc an Fhionnuisce níl ach 7% clúdaithe acu. Limistéir ghlasa atá foirfe do phlandaí fiáine agus d’fhiadhúlra atá i bhformhór mór na Páirce. Tá 24 gnáthóg (áiteanna ina maireann plandaí agus ainmhithe fiáine) ar leith sa Pháirc. Clúdaíonn coillearnach agus áiteanna ina bhfuil crainn go flúirseach 31% nó 220h, agus clúdaíonn féarach 56% nó 398h. Tá sé chineál éagsúla de choillearnach, cúig chineál éagsúla d’fhéarach, chomh maith le fálta, scrobarnach, linnte, srutháin agus díoga fliucha i measc na ngnáthóg.

Bhí formhór an fhéaraigh sa Pháirc faoi iníor agus barrghearrtha go dtí na 1970idí. Ó shin i leith, ó tháinig deireadh le féar a bhaint, tá éagsúlacht na féaraigh seo ag dul i bhfeabhas. Féaraigh fhairsinge oscailte, mar atá sa Chúig Acra Dhéag, cuireann siad láithreacha neadaithe ar fáil d’fhuiseoga. Féaraigh atá i bhfad ó na príomhbhealaí, ní ghearrtar iad agus mar sin cuireann siad bia agus fothain ar fáil d’inveirteabraigh agus foscadh ar fáil d’ainmhithe beaga. Tá féarach neamhghnách le fáil ar na léibhinn rite ar an taobh ó dheas den Pháirc. Tá an iliomad luibheanna fiáine geala ag fás ann, an planda tearc agus cosanta, an tSailchuach Ghiobach, ina measc. Tá limistéir bheaga d’fhéarach fliuch, le haithint ón luachair a fhásann iontu, le fáil go háirithe in aice le Coill an tSeanbhaile. Tá planda tearc agus cosanta eile le fáil i gceann acu seo, an Eorna Mhóinéir.

Plandaí

Ar na gnéithe tábhachtacha d’éagsúlacht i mbláthanna dúchasacha i bPáirc an Fhionnuisce tá Lus an Fhógra ag fás ar imeall na coillearnaí glanta i bhfearann Áras an Uachtaráin, an tSailchuach Ghiobach ar na léibhinn ghainimh agus ghairbhéil i ndeisceart na Páirce, agus an Eorna Mhóinéir san fhéarach fliuch in aice le sruth éalaithe Loch an Chairéil. Ní raibh aon radharc ar an gcéad cheann acu sa Pháirc ón ochtú haois déag. Tá an tSailchuach Ghiobach feicthe cheana, agus é ag dul i léig anois, ach níl taifead déanta cheana ar an bhféar seo.

Tá siad seo ar na gnéithe tábhachtacha de bhithéagsúlacht na ngnáthóg i bPáirc an Fhionnuisce:

  • Clúdach ard de ‘féarach coille’. Coillearnach nach bhfuil mórán samplaí le fáil in Éirinn di í seo. Baineann sé leis na fianna a bheith ag cur fúthu sa Pháirc. Braitheann sé ar aois na gcrann agus ar inveirteabraigh thearca a bheith i láthair.
  • Gnáthóga breacnádúrtha nach bhfuil coitianta in Éirinn. Chomh maith leis an bhféarach coille áirítear na gnáthóga seo orthu:
    • Féarach cailcreach ar mhórán speiceas atá le fáil ar na léibhinn ghainimh agus ghairbhéil i ndeisceart na Páirce. Tá an tSailchuach Ghiobach, speiceas cosanta, ar na bhflóra a luaitear leis.
    • Féarach fliuch, go háirithe ó dheas ó Loch an Chairéil, áit a bhfuil planda cosanta eile i measc an fhlóra, an Eorna Mhóinéir.
    • Coillearnach bhreacnádurtha (0.5h), go háirithe an fhuinseog in aice le Gleann an Aitinn.
    • Fásra imeall bogaigh thart ar an Linn Éisc (i Zú Bhaile Átha Cliath anois).
  • Gnáthóga breacnádúrtha nach bhfuil coitianta i mBaile Átha Cliath. Orthu seo tá beagnach gach ceann de na gnáthóga eile atá fágtha i bPáirc an Fhionnuisce, bogaigh, coillearnach de chineáil eile, agus féarach gan na foirgnimh, na dromchlaí tógtha agus an féarach taitneamhachta san áireamh.

Mamaigh

Tá an leathchuid de na speicis éagsúla de mhamaigh talún atá le fáil in Éirinn le fáil i bPáirc an Fhionnuisce freisin. Ag an taobh thiar den Pháirc den chuid is mó atá siad le fáil, taobh le Farmleigh agus Mount Sackville. Bhí giorriacha agus ioraí rua ina measc go dtí le déanaí ach chuir madraí isteach ar na giorriacha agus tá na hioraí rua díbeartha mar thoradh ar a n-iomaíocht leis na hioraí glasa.

Tá siad seo ar na gnéithe tábhachtacha de bhithéagsúlacht na mamach i bPáirc an Fhionnuisce:

  • An bhuantréad de 400-500 fia buí a síolraíonn ón mbuntréad a tugadh isteach sna 1660idí.
  • Os cionn fiche brocais a bhfuil ar a laghad sé ghrúpa shóisialta curtha fúthu iontu. Tá a bhformhór le fáil ar imeall na Páirce. Téann broic ar thóir foráiste i bhféarach agus is léir iad a bheith i láthair ón tochailt ar thóir péisteanna atá le sonrú
  • Ar na hainmhithe eile a bhfuil a lán díobh le fáil sa Pháirc tá madraí rua, gráinneoga, coiníní, dallóga fraoigh, lucha tí, lucha féir agus francaigh dhonna.
  • Traidisiún fadbhunaithe go bhfuil an Pháirc á húsáid chun tacú le taighde ar mhamaigh, fianna go háirithe. Tá an fhoireann, na háitritheoirí agus na cuairteoirí go léir ar an eolas faoi mhamaigh dá bharr, agus tá faisnéis bhonnlíne an-chuimsitheach ar stádas an ghrúpa ainmhithe seo ar fáil.

Fána

Is í Páirc an Fhionnuisce an láthair is tábhachtaí d’éin i mBaile Átha Cliath. Bíonn fothain, fuílleach bia, agus láithreacha do neadacha le fáil sna gnáthóga breacnádúrtha fairsinge acu. Rinne suirbhéanna le déanaí seachtó a dó speiceas a thaifead sa Pháirc ar feadh na bliana, agus daichead a seacht acu sin ag gor. Tá fiche a hocht speiceas sa pháirc a bhfuil imní caomhnaithe ina leith agus ceithre speiceas ina measc siúd atá ar an liosta dearg. San iomlán tá 35% de na speicis uile atá le fáil in Éirinn le fáil i bPáirc an Fhionnuisce. Bhí an dlús is airde d’éin le fáil i Zú Bhaile Átha Cliath, áit a roinneann na héin fhiáine an bia a dháiltear ar na héin ghafa. Bhí an dlús is ísle le fáil feadh Ascaill Chesterfield áit a bhfuil glór agus clampar nach maith le héin.

Tá siad seo ar na gnéithe tábhachtacha de bhithéagsúlacht na n-éan i bPáirc an Fhionnuisce:

  • Tá ceithre speiceas déag a bhfuil imní caomhnaithe ina leith san Eoraip le fáil inti.
  • Té ceithre speiceas atá faoi bhagairt in Éireann le fáil inti. Is iad sin an Spadalach, an Fheadóg Bhuí, an Sléibhín, agus an Faoileán Scadán.
  • Tá seacht speiceas déag le fáil inti atá ar an liosta ómra a thugann le fios go bhfuil imní meánach caomhnaithe ina leith. Orthu siúd tá an Lacha Bhadánach, an Chearc Cheannann, an Colm Gorm, an Fhuiseog, agus an Fháinleog.
  • Pocairí Gaoithe agus Fuiseoga atá ar gor. Is díol iontais é Fuiseoga a bheith chomh gairid do lár na cathrach.
  • Tá an Scréachóg agus an Colm Gorm le fáil sa Pháirc, dhá speiceas a bhíonn i láthair i gcoillearnach. Léiriú na speicis seo a bheith i láthair go bhfuil seanchoillearnach mhaith ar fáil dóibh.

Ialtóga

Láthair thábhachtach d’ialtóga i mBaile Átha Cliath is ea Páirc an Fhionnuisce. Cothaítear líon mór de na feithidí a n-itheann siad sna lochanna, linnte, coillearnach agus féarach atá sa Pháirc agus tá fara flúirseach dóibh sna foirgnimh agus sna seanchrainn. Bíonn na hialtóga le feiceáil ag seilg thar na lochanna agus na linnte nó le himeall na gcrann nó bealaí na gcoillearnach le titim na hoíche. Bíonn siad an-ghnóthach go háirithe thart ar Zú Bhaile Átha Cliath.

Tá siad seo ar na gnéithe tábhachtacha de bhithéagsúlacht na n-ialtóg i bPáirc an Fhionnuisce:

  • As an deich speiceas ialtóga atá le fáil in Éirinn tá sé cinn acu le fáil sa Pháirc, speicis den Ialtóg Fheascrach nár taifeadadh cheana i mBaile Átha Cliath san áireamh. Tá Ialtóga Natterer agus Ialtóga Giobacha le fáil ann chomh maith.
  • Tá fianaise go bhfuil faraí móra ag roinnt láithreacha éagsúla (simléar in ionad Ospidéal Mhuire, Suirbhéireacht Ordanáis Éireann, siar ó Zú Bhaile Átha Cliath).
  • Faraí beaga ag Séipéal Cooley in Ionad Ospidéal Mhuire, Lóiste Stiúrthóir na Páirce agus Dún na hArmlainne.

Bogach

Tá luach ar leith le bogach Pháirc an Fhionnuisce (lochanna, linnte, srutháin agus díoga draenála) ó thaobh na bithéagsúlachta de, ar an ábhar nach mór an bogach atá le fáil i mBaile Átha Cliath (0.63%). Mar sin, tá gnáthóga iontu do speicis atá tearc sa chuid eile den chathair. Tá na bogaigh is mó le fáil i Zú Bhaile Átha Cliath. Is é an loch i limistéar ‘Mhachairí na hAfraice’ den Zú, ar achar 2.8h de, an loch is mó i gCathair Bhaile Átha Cliath.

Tá caighdeán an uisce sna linnte agus sna sruthchúrsaí mar a bheifí ag súil leis i srutháin uirbeacha agus ciallaíonn a mbunús gur beag deis atá acu truailleáin a scagadh amach. Tá an t-uisce sa loch íochtarach i Zú Bhaile Átha Cliath ar dhroch-chaighdeán toisc líon na n-ainmhithe sa chomharsanacht. Cothaítear eascanna de mhéideanna eiseamláireacha ann toisc a oiread bia atá ar fáil dóibh. Fianaise eascanna a bheith i láthair gur féidir leis an speiceas seo taisteal suas trí lintéir ón Life. Tagann feabhas ar chaighdeán an uisce ón loch mar a shruthaíonn sé tríd an linn i nGairdín an Phobail. Tá caighdeán maith uisce sa linn in Áras an Uachtaráin agus tá aol-lusanna agus inveirteabraigh a thaithíonn uisce glan le fáil inti, an chuil Bhealtaine, an chuil chadáin, an tsnáthaid mhór agus an bhéchuil ina measc. Tá giolcarnach aibí le himeall na linne i nGaidrín an Phobail.

Tá iasc garbh; an ruán, an phéirse, an cúramán agus an róiste ina measc, le fáil sna linnte go léir. Tá an t-iasc beag dúchasach, an garmachán, go flúirseach chomh maith. Áit mhaith iad na linnte freisin chun éisc órga nach bhfuil ag teastáil a thuilleadh a scaoileadh saor. Speiceas andúchasach eile atá le fáil ná Séacla Mheiriceá Thuaidh. Rinneadh é a thaifead ar dtús in Éirinn i linn sa Pháirc agus tá sé le fáil sna linnte go léir sa Pháirc anois. Níl an séacla dúchasach ach le fáil i sruthán an Khyber anois. Tá an fásra éiritheach ar imeall an bhogaigh tábhachtach do na héin a bhíonn ar gor ansin; an mallard, an chearc cheannann agus an chearc uisce. Baineann froganna a bhíonn ag sceitheadh uibheacha úsáid as na bogaigh chomh maith. Ar na láithreacha sceite is tábhachtaí, tá na díoga fliucha ag bun na háhánna. Gach earrach, ó mhí Eanáir ar aghaidh, bíonn sceith na bhfroganna le feiceáil go flúirseach sna láithreacha seo.

Tá siad seo ar na gnéithe tábhachtacha de bhithéagsúlacht na mbogach laistigh den Pháirc:

  • An fásra éiritheach timpeall ar Loch an Ghleanna agus Linn na nIasc i Zú Bhaile Átha Cliath. Tá an fásra seo tábhachtach d’éin, do phlandaí agus don tsúil.
  • Caraifítí le fáil, rud a léiríonn go bhfuil an t-uisce ar chaighdeán ard.
  • Ruán agus Cúramán le fáil agus an deis go bhfeabhsófaí gach linn mar iascaigh.
Urban brawl. Alan Timms.