Uaireanta Oscailte

Scrollaigh chun Uaireanta na Páirce a Bhrabhsáil

Tá Páirc an Fhionnuisce ar oscailt 24 uair an lae, seacht lá na seachtaine, ó cheann ceann na bliana.

Tá Gairdíní Bláthanna an Phobail suite idir bealach isteach Shráid Gheata na Páirce agus bealach isteach Gheata an Chuarbhóthair Thuaidh go dtí Páirc an Fhionnuisce.

Limistéar fiche a dó acra san iomlán atá i gceist, a leagadh amach agus a fálaíodh in 1864. Bunaíodh na gairdíní ar dtús in 1840 mar Fhearann na Promanáide. Tá samplaí den chuid is fearr den ghairneoireacht Victeoiriach cruthaithe anseo. Tá lochán mór ornáideach, clós súgartha, láthair phicnicí agus ceapacha Victeoiriacha i measc na nithe spéisiúla le feiceáil anseo idir 8am agus clapsholas. Athraíonn na huaireanta dúnta le linn na bliana.

Tógadh Áras an Uachtaráin, áit chónaithe Uachtarán na hÉireann sa lá inniu, mar theach simplí brící do Phríomh-Mhaor Pháirc an Fhionnuisce in 1751.

Ceannaíodh níos déanaí é mar “áras ó am go chéile” d’Fhir Ionaid an Rí agus diaidh ar ndiaidh rinneadh teach mór ar leith de. Tar éis d’Éirinn a saoirse a bhaint amach, chuir triúr Seanascal Shaorstát Éireann fúthu ann idir 1922 agus 1937, sular bhog an chéad uachtarán, an Dr Dubhghlás de hÍde, isteach ansin san Áras.

Tá Áras an Uachtaráin ar oscailt ar an Satharn amháin. Eisítear ticéid iontrála saor in aisce ag Ionad Cuairteoirí Pháirc an Fhionnuisce ar an lá féin. Ní féidir ticéid a chur in áirithe do ghrúpaí nó roimh am. Dúnta 24 – 26 de Mhí na Nollag. Turais Threoraithe: 10.15am – 4pm sa samhradh, agus 10.30am – 3.30pm sa gheimhreadh.

Tá Ionad Cuairteoirí Pháirc an Fhionnuisce oscailte seacht lá na seachtaine, ó cheann ceann na bliana, ó 9.30am go dtí 5.30pm.

Cead isteach deireanach ag 5pm. Cead isteach saor in aisce go dtí taispeántas féintreoraithe beoga agus spraíúil faoi stair agus fiadhúlra na Páirce. Tá Seomra Taispeántais san ionad do thaispeántais ealaíne a thagann ar cuairt agus bíonn taispeántais i meáin éagsúla agus léirithe ealaíon agus ceardaíochta ar siúl anseo go rialta. Díreach taobh le hIonad na gCuairteoirí tá Caisleán Bhaile an Ásaigh, túrtheach meánaoiseach ón seachtú haois déag atá athchóirithe go hiomlán anois.

Uaireanta oscailte don chlós súgartha atá ar fáil do chách ag Ionad Cuairteoirí Pháirc an Fhionnuisce: 9.30am go dtí uair an chloig roimh luí na gréine, ó cheann ceann na bliana, ag brath ar dhálaí aimsire. Tá clós súgartha eile atá ar fáil do chách i nGairdíní an Phobail gar de Gheata an Chuarbhóthair Thuaidh. Uaireanta oscailte: 9.30am go dtí uair an chloig roimh luí na gréine, ó cheann ceann na bliana, ag brath ar dhálaí aimsire.

Túrtheach meánaoiseach is ea Caisleán Bhaile an Ásaigh

Go dtí an bhliain 1978 bhí an caisleán seo faoi cheilt taobh istigh de bhallaí an tí mhóir Sheoirsigh a tógadh timpeall air (Lóiste Bhaile an Ásaigh) inar chónaigh Fo-Rúnaí na hÉireann. Nuair a leagadh an teach Seoirseach ag deireadh na 70idí, thángthas ar an gcaisleán taobh istigh. Tá sé athchóirithe ó shin agus oscailte anois don phobal. Ceaptar gur sa chúigiú haois déag a tógadh é.

Eagraítear turais ar an gCaisleán ó Ionad na gCuairteoirí béal dorais. Is ag 10.30am, 12pm, 1.30pm, 3pm agus 4.30pm a dhéantar turais ar Chaisleán Bhaile an Ásaigh. Tá áit ar na turais ag brath ar spás a bheith ar fáil.

Tá an Garraí Cistine Imfhálaithe Victeoiriach oscailte ó 10am go dtí 4pm gach lá, ó cheann ceann na bliana.

Gairdín dhá acra go leith i bhfearann Ionad na gCuairteoirí atá sa Gharraí Imfhálaithe. Táthar ag iarraidh é a athchóiriú faoi mar a bhí sé ar dtús sa ré Victeoiriach i láthair na huaire. Tugtar cuireadh don phobal casadh le garraíodóirí Pháirc an Fhionnuisce ar an dara Satharn de gach mhí sa ghairdín anseo, idir 10.30am agus 12.30pm. Foghlaim faoina bhfuil ag tarlú gach séasúr maidir le réiteach ithreach, iomadú plandaí, fás barraí, plandaí luibheacha, agus go leor eile. Ba chóir do chuairteoirí bróga oiriúnacha agus feisteas báistí a thabhairt leo.

Ashtown Castle and Demesne. Phoenix Park, Dublin. OPW.