Scoileanna

Faigh Eolas do Bhunscoileanna Thíos

Ceardlanna do Leanaí Bunscoile

Cuireann Ionad Cuairteoirí Pháirc an Fhionnuisce ceardlanna spraíúla, saor in aisce agus oideachasúla ar bun do ranganna bunscoile le linn uaireanta scoile. Is féidir ranganna a eagrú mar atá oiriúnach don scoil, ó Luan go Céadaoin, idir 10am agus 12 meánlae. Bíonn na ranganna go léir ar bun san Ionad Cuairteoirí, atá lonnaithe díreach in aice an Fhéinics taobh le hÁras an Uachtaráin ar phríomhbhóthar na Páirce.

Tá gníomhaíochtaí praiticiúla taobh istigh agus amuigh, mar aon le healaíona agus ceardaíocht i gceist leis na ceardlanna seo agus is féidir leo cur go mór le curaclam na scoile do do ghrúpa. Ba chóir do leanaí deoch agus greim bia d’am sosa a thabhairt leo (is féidir an sos a bheith taobh amuigh). Bí i dteagmháil linn le haghaidh eolas sa bhreis agus chun áirithint a dhéanamh.

Acmhainní Breise le hÍoslódáil

B’fhéidir go mbeadh suim agat bileoga oideachais ó Chomhairle Crann na hÉireann a íoslódáil. Tá siad seo dírithe ar ranganna éagsúla ó na Naíonáin Shóisearacha go dtí Rang a Sé, agus tá nótaí ullmhúcháin do mhúinteoirí san áireamh.

The Tree of Life. Anne-Claire Monde Gordon.

Modúl 1

Crainn: Cad a Dhéanfaimis Gan Iad

Ar dtús aithnímid na crainn andúchasacha agus dúchasacha sa chrannlann in aice le hIonad na gCuairteoirí, sula mbíonn sos ceathrú uaire againn. Ansin féachaimid ar fhíseán fiche nóiméad ar stair na páirce. Ina dhiaidh sin, bíonn deis ag an ngrúpa féachaint ar an taispeántas, atá féintreoraithe ar dhá urlár.

Modúl 2

Foghlaim faoi na hAinmhithe sa Pháirc

Ar dtús bíonn réamhrá agus taispeántas againn ar fhianna, ioraí, broic agus go leor leor eile, sula mbíonn sos ceathrú uaire againn. Ansin féachaimid ar fhíseán fiche nóiméad ar stair na páirce. Ina dhiaidh sin, bíonn deis ag an ngrúpa féachaint ar an taispeántas, atá féintreoraithe ar dhá urlár.

Ashtown Castle and Demesne. Phoenix Park, Dublin. OPW.

Modúl 3

Céim Siar sa Stair

Bí i do rí nó i do bhanríon don lá nuair a thugann tú cuairt ar Chaisleán Bhaile an Ásaigh agus foghlaim faoin saol sna meánaoiseanna. Bíonn réamhrá againn ar dtús, sula nglactar sos ceathrú uaire. Ansin féachaimid ar fhíseán fiche nóiméad ar stair na páirce. Ina dhiaidh sin, bíonn deis ag an ngrúpa féachaint ar an taispeántas, atá féintreoraithe ar dhá urlár.

Modúl 4

Bithéagsúlacht

Foghlaim faoi na gnáthóga difriúla atá i bPáirc an Fhionnuisce agus an éagsúlacht speiceas atá le fáil anseo. Tá crainn, bláthanna fiáine, mamaigh, éin, beacha, féileacáin agus snáthaidí móra go léir ag cur fúthu anseo.

Modúl 5

Pailneoirí

Foghlaim faoin bPlean Uile-Éireann um Pailneoirí 2015-2020 agus céard is féidir linn go léir a dhéanamh chun a chinntiú go mbeidh rath ar ár bpailneoirí in Éirinn. Trí ár bpailneoirí a chosaint táimid ag deimhniú go mbeidh soláthar torthaí agus glasraí ar fáil dúinn amach anseo.