Turais

Tar ar Thuras Fíorspéisiúil le Duine dár dTreoraithe Eolacha!
Phoenix Park Visitor Centre. OPW.

Ionad Cuairteoirí Pháirc an Fhionnuisce

Tá cead isteach saor in aisce go dtí taispeántas féintreoraithe beoga agus spraíúil faoi stair agus fiadhúlra Pháirc an Fhionnuisce atá le feiceáil in Ionad na gCuairteoirí.

Tá léirmhíniú stairiúil den Pháirc ó 3500 RCh go dtí an lá inniu roimh an gcuairteoir anseo, mar aon le taispeántas closamhairc fiche nóiméad ar fad faoi Pháirc an Fhionnuisce trí na haoiseanna nó faoi stair Áras an Uachtaráin. Tá ardaitheoir agus staighre suas go dtí an chéad urlár agus tá taispeántais sa bhreis ansin agus mír ar an bhfiadhúlra. Tá Seomra Taispeántais ann leis do thaispeántais ealaíne a thagann ar cuairt agus bíonn taispeántais i meáin éagsúla agus léirithe ealaíon agus ceardaíochta ar siúl anseo go rialta.

Bíonn ceardlanna do leanaí ar an stair, an oidhreacht agus ar thuiscint don dúlra, chomh maith le healaíona agus ceardaíocht, ar bun anseo gach maidin Domhnach. Tá siad saor in aisce agus oiriúnach do leanaí ó aois 6-12, ar siúl ó 11am go dtí 12pm. Cuirtear ábhair ar fáil agus is gá maoirseacht ó dhaoine fásta.

Ashtown Castle. OPW.

Caisleán Bhaile an Ásaigh

Túrtheach meánaoiseach is ea Caisleán Bhaile an Ásaigh. Go dtí an bhliain 1978 bhí an caisleán seo faoi cheilt taobh istigh de bhallaí an tí mhóir Sheoirsigh a tógadh timpeall air (Lóiste Bhaile an Ásaigh) inar chónaigh Fo-Rúnaí na hÉireann. Nuair a leagadh an teach Seoirseach ag deireadh na 70idí, thángthas ar an gcaisleán taobh istigh. Tá sé athchóirithe ó shin agus oscailte anois don phobal. Ceaptar gur sa chúigiú haois déag a tógadh é.

Eagraítear turais ar an gCaisleán ó Ionad na gCuairteoirí béal dorais. Is ag 10.30am, 12pm, 1.30pm, 3pm agus 4.30pm a dhéantar turais ar Chaisleán Bhaile an Ásaigh. Tá áit ar na turais ag brath ar spás a bheith ar fáil.

The Magazine Fort. OPW.

Dún na hArmlainne

Tá Dún na hArmlainne suite go straitéiseach ar Chnoc San Tomás, le hais an Bhóthair Mhíleata agus gar do Gheata Dhroichead na hInse. Tógadh é in 1734-1736 de réir dhearadh John Corneille, chun púdar gunna agus armlón a stóráil d’fhórsaí rialtas na Breataine. Bhí an tríú cuid d’Arm na Breataine ar dualgas in Éirinn agus bhogfaí thart ar an impireacht iad go rialta. Rinneadh dhá ruathar ar an nDún: Luan Cásca 1916 agus an 23 Nollaig 1939.

Tá turais threoraithe saor in aisce ar fáil. Tá líon na dticéad teoranta agus iad le fáil ó Ionad Cuairteoirí Pháirc an Fhionnuisce, tús freastail ar an té is túisce ar lá an turais. Níl áirithintí do ghrúpaí ar fáil. Glaoigh 01-6770095 an lá roimh ré mar go ndúntar an láthair gan mórán fógra uaireanta. Bíonn na turais ag na hamanna a leanas:

Aibreán – Meán Fómhair: Aoine agus Satharn ag 10am, 12 meán lae, 2pm agus 3.30pm
Deireadh Fómhair – Márta: Gach Domhnach ag 12 meán lae.

Beidh rochtain ag cuairteoirí ar roinnt láithreacha laistigh den Dún, ceann de na harmlanna agus dhá cheann de na hardáin féachana san áireamh. Is féidir féachaint ar an obair chaomhnóireachta agus é ar bun, nó féachaint ar an seandálaí ag tabhairt líonraí draenála an ochtú haois déag chun solais, nó na hurláir ardaithe dharach le duail adhmaid san Armlann. Déanfar ionduchtú Sláinte agus Sábháilteachta sula dtosaíonn an turas, ós rud é go bhfuil oibreacha caomhnóireachta ar bun i gcónaí sa Dún. Tá an talamh corrach agus moltar duit bróga maithe a chaitheamh mar aon le feisteas le bheith amuigh faoin aer.

Tabhair faoi deara, le do thoil, go bhfuil an Pointe Cruinnithe don turas ag Ionad Cuairteoirí Pháirc an Fhionnuisce amháin. Iarraimid ort gan dul go díreach go dtí Dún na hArmlainne mar nach féidir dul isteach ach le ticéad agus bus ó Ionad Cuairteoirí Pháirc an Fhionnuisce.

Áras an Uachtaráin. OPW.

Áras an Uachtaráin

Tógadh Áras an Uachtaráin, áit chónaithe Uachtarán na hÉireann sa lá inniu, mar theach simplí brící do Phríomh-Mhaor Pháirc an Fhionnuisce in 1751. Ceannaíodh níos déanaí é mar “áras ó am go chéile” d’Fhir Ionaid an Rí agus diaidh ar ndiaidh rinneadh teach mór ar leith de. Tar éis d’Éirinn a saoirse a bhaint amach, chuir triúr Seanascal Shaorstát Éireann fúthu ann idir 1922 agus 1937, sular bhog an chéad uachtarán, an Dr Dubhghlás de hÍde, isteach ansin san Áras.

Tá Áras an Uachtaráin ar oscailt ar an Satharn amháin, ó cheann ceann na bliana, ach amháin idir an 24 agus 26 de mhí na Nollag. Eisítear ticéid iontrála saor in aisce ag Ionad Cuairteoirí Pháirc an Fhionnuisce ar an lá féin, tús freastail ar an té is túisce. Ní féidir ticéid a chur in áirithe do ghrúpaí nó roimh am.

Cuirtear turais threoraithe ar fáil ar an Sathairn, ó 10.15am – 4pm sa samhradh, agus 10.30am – 3.30pm sa gheimhreadh. Thart ar uair an chloig a thógann na turais agus bíonn na príomhsheomraí fáilte le feiceáil sa gheimhreadh agus an teach agus an gairdín le feiceáil sa samhradh. Uaireanta, de dheasca ghnó an Stáit, ní féidir turais don phobal a cheadú. Bí i dteagmháil linn ag Ionad na gCuairteoirí le haghaidh eolas sa bhreis.

Grangegorman Military Cemetery. OPW.

Reilig Mhíleata Ghráinseach Ghormáin

Is é Reilig Mhíleata Ghráinseach Ghormáin, lonnaithe ar Ascaill an Chiardhuibh díreach taobh amuigh de Pháirc an Fhionnuisce, an reilig mhíleata is mó in Éirinn. Osclaíodh ar dtús é in 1876 mar reilig do shaighdiúirí Dhún Marlborough, Dún Mhic Aoidh anois, agus dá gclann. Leagadh limistéir ar leith amach do shaighdiúirí Sasanacha, Ceanadacha, Astrálacha agus de chuid na Nua-Shéalainne. Tá leanaí ón Scoil Mhíleata Ibeirneach Ríoga curtha anseo chomh maith.

Tá atmaisféar machnamhach sna plásóga néata atá timpeallaithe ag crainn sa reilig phictiúrtha seo. Is iad Oifig na nOibreacha Poibli a dhéanann cúram den reilig i gcomhpháirt le Coimisiún Uaigheanna Cogaidh an Chomhlathais.

Beidh turais threoraithe ar Reilig Mhíleata Ghráinseach Ghormáin gach Déardaoin ag 11am go dtí an 9ú lá de mhí na Samhna 2017. Tagann an grúpa le chéile taobh istigh de gheataí na reilige nó glaoigh 01-6770095 má tá ceisteanna agat.

Arbour Hill Cemetery. OPW.

Reilig Chnoc an Arbhair

Is i Reilig Mhíleata Chnoc an Arbhair atá ceathrar déag de cheannairí Éirí Amach 1916 adhlactha. Orthu siúd atá curtha anseo tá Pádraig Mac Piarais, Séamas Ó Conghaile, agus an Maor Seán Mac Giolla Bhríde. Cuireadh na ceannairí chun báis i bPríosún Chill Mhaighneann agus aistríodh na coirp go Cnoc an Arbhair le hadhlacadh. Tá na huaigheanna lonnaithe faoi charn íseal ar léibheann d’eibhear Chill Mhantáin, san áit a raibh seanláthair dhruileála nó pharáide fadó. Tá láthair na n-uaigheanna timpeallaithe le balla aolchloiche ar a bhfuil ainmneacha na marbh greanta i nGaeilge agus i mBéarla. Ar an mballa ar chlé tá plaic le hainmneacha dhaoine eile a maraíodh in 1916.

Bhí aird na tíre ar Reilig Chnoc an Arbhair le linn chomóradh céad bliain Éirí Amach na Cásca 1916. Tá an reilig seo faoi chúram Oifig na nOibreacha Poiblí. Tá an reilig lonnaithe ar Chnoc an Arbhair taobh thiar d’Ard-Mhúsaem na hÉireann ag Dún Uí Choileáin, Baile Átha Cliath 7.

Beidh turais ar Chnoc an Arbhair gach Domhnach ag 2pm go dtí deireadh mhí Dheireadh Fómhair 2017. Bí i dteagmháil linn le haghaidh eolas breise.

Ionad Cuairteoirí Pháirc an Fhionnuisce

Tá cead isteach saor in aisce go dtí taispeántas féintreoraithe beoga agus spraíúil faoi stair agus fiadhúlra Pháirc an Fhionnuisce atá le feiceáil in Ionad na gCuairteoirí.

Caisleán Bhaile an Ásaigh

Eagraítear turais ar an gCaisleán ó Ionad na gCuairteoirí béal dorais. Is ag 10.30am, 12pm, 1.30pm, 3pm agus 4.30pm a dhéantar turais ar Chaisleán Bhaile an Ásaigh. Tá áit ar na turais ag brath ar spás a bheith ar fáil.

Dún na hArmlainne

Tá turais threoraithe saor in aisce ar fáil. Tá líon na dticéad teoranta agus iad le fáil ó Ionad Cuairteoirí Pháirc an Fhionnuisce, tús freastail ar an té is túisce ar lá an turais. Níl áirithintí do ghrúpaí ar fáil. Glaoigh 01-6770095 an lá roimh ré mar go ndúntar an láthair gan mórán fógra uaireanta. Bíonn na turais ag na hamanna a leanas:
Aibreán – Meán Fómhair: Aoine agus Domhnach ag 10am, 12 meán lae, 2pm agus 3.30pm
Deireadh Fómhair – Márta: Gach Domhnach ag 12 meán lae.

Áras an Uachtaráin

Cuirtear turais threoraithe ar fáil ar an Satharn, ó 10.15am – 4pm sa samhradh, agus 10.30am – 3.30pm sa gheimhreadh. Thart ar uair an chloig a thógann na turais agus bíonn na príomhsheomraí fáilte le feiceáil sa gheimhreadh agus an teach agus an gairdín le feiceáil sa samhradh. Uaireanta, de dheasca ghnó an Stáit, ní féidir turais don phobal a cheadú. Bí i dteagmháil linn ag Ionad na gCuairteoirí le haghaidh eolas sa bhreis.

Reilig Mhíleata Ghráinseach Ghormáin

Beidh turais threoraithe ar Reilig Mhíleata Ghráinseach Ghormáin gach Déardaoin ag 11am go dtí an 9ú lá de mhí na Samhna 2017. Tagann an grúpa le chéile taobh istigh de gheataí na reilige nó glaoigh 01-6770095 má tá ceisteanna agat.

Reilig Chnoc an Arbhair

Beidh turais ar Chnoc an Arbhair gach Domhnach ag 2pm go dtí deireadh mhí Dheireadh Fómhair 2017. Bí i dteagmháil linn le haghaidh eolas breise.